Complete UDHR text in Irish Uncial font

Dearḃú Uile-Ċoiteann Cearta an duine
Brollaċ
De Ḃrí gurb é aiṫint dínte dúċais agus ċearta coṁionanna do-ṡannta an uile ḋuine den ċine daonna is foras don tsaorise, don ċeartas agus don tsíoċáin sa doṁan,
De Ḃrí gur ṫionscain a neaṁaird agus an mí-ṁeas ar ċearta an duine gníoṁarṫa barbarṫa a ċuir uafás ar ċoinsias an ċine daonna, agus go ḃfuil forógarṫa gurb é meanmarc is uaisle ag an gcoitiantaċt saol a ṫaḃairt i réim a ḃéarfas don duine saoirse ċainte agus ċreidiṁ agus saoirse ó eagla agus ó aṁgar,
De Ḃrí go ndearna pobail na Náisiúin Aontaiṫe sa Ċairt dearḃú aṫuair ar a gcreideaṁ i gcearta bunúsaċa an duine, i ndínit agus i ḃfiúntas pearsan an duine agus i gcearta coṁionanna fear agus bean, agus gur ċinneadar tacú leis an ascnaṁ sóisalaċ agus réim maireaċtana níos fearr a ṫaḃairt i gcríċ faoi ṡaoirse níos fairsinge,
De Ḃrí gur ġaḃadar na Stát-Ċoṁaltaí faoi ċuing ġealltanais go ndéanfaid, i gcoṁar leis na Náisiúin Aontaiṫe, urraim uile-ċoiteann éifeaċtaċ d’áiriṫiú do ċearta agus do ṡaoirsí bunúsaċa an duine.
De Ḃrí go ḃfuil sé fíor-ṫáḃaċtaċ, ċun an gealltanas sin a ċoṁallaḋ ina iomláine, go mbeifí ar aon-tuiscint maidir leis na cearta agus na saoirsí sin,
Anois ar an aḃar sin forógrainn an Tionól Ginerálta an Dearbú Uile-ċoiteann seo ar Ċearta an Duine mar ċoṁċaiġdeán le taḃairt i réim ag gaċ pobal agus gaċ náisiún ionas go ndeánfaiḋ gaċ uile ḋuine agus gaċ uile organ den ċoṁḋaonnaċt, agus iad de ṡíor ag taḃairt an Dearḃuiṫe seo dá n’aire agus dá n-úiḋ, díċell, tríd an teagasc agus an t-oideaċas, ċun urraim do na cearta agus do no saoirsí sin a ċoṫú agus ċun a áiriṫiú tríd bearta ascnaiṁ, náisiúnta agus eadarnáisiúnta, go mbeiḋ aiṫint agus feidm éifeaṫtaċ uile-ċoiteann acu, ní haṁáin i measc pobal na Stát-Ċoṁaltaí féin, aċ fós i measc pobal na gcríoċa atá faoina ndlínse sin.
Airteagal 1.
Saoláitear na daoine uile saor agus coṁionann ina ndínit agus ina gcearta. Tá bauiḋ an réasúin agus an ċoinsiasa acu agus dlíd iad féin d’iompar de ṁeon ḃrṫreaċais i leiṫ a ċéile.
Airteagal 2.
Tá teideal ag gaċ uile ḋuine ċun na gceart agus na saoirsí go léir atá leagṫa amaċ sa Dearṫú seo, gan idirḋealú dáon tsaġas, go háiriṫe maidir le cine, daṫ, gnéas, teanga, creideaṁ, tuairim ṗolitíoċta nó tuarim eile, bunaḋ náisiúnta nó sóisilaċ, maoin, breiṫ nó céimíoċt eile,
Fairis sin, ní déanfar aon idirḋealú ar ḟoras no céimíoċta poiliticiúla, dlínsiúla nó eadarnáisiúnta atá ag an tír nó an ċríoċ len mbaineann duine, pé acu críoċ neaṁspleáċ, críoċ iontaoḃais, nó críoċ gan rialtas dúċais í, nó críoċ a ḃfuil aon teoranta eile ar a ceannasaċt.
Airteagal 3.
Tá ag gaċ uile ḋuine, an ceart ċun marṫana, ċun saoirse agus ċun slándála a ṗearsan.
Airteagal 4.
Ní coimeádfar aon duine faoi ṁoġsaine ná faoi ḋaoirse; toirmeasctar gaċ gné den ṁoġsaine agus de ṫrádáil na moġa.
Airteagal 5.
Ní déanfar céastóireaċt ar biṫ ná cóir ná pionós éadrócaireaċ, míḋaonna ná táirċéimneaċ a ċur air.
Airteagal 6.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun a aiṫinte i ngaċ uile áit mar ṗearsa i láṫair an dlí.
Airteagal 7.
Is coṁionann na daoine uile i l’aṫair an dlí agus is dliġ ḋóiḃ an dlí do ṫaḃairt coimirce ḋóiḃ i gcoṁionannas gan leiṫċeal ar aon neaċ.
Dlítear do ċáċ coṁionannas coimirce i gcoinne aon leiṫċeal a ṡáróḋ an Dearḃú seo agus i gcoinne aon ḃriogaireaċta ċun leiṫċeal den tsórt sin a ḋéanaṁ.
Airteagal 8.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun fóiriṫin éifeaċtúil d’ḟáil ó na binsí náisiúnta inniúla i gcoinne gníoṁarṫa a ṡáraíos na cearta bunúsaċa a ḃeir an bunreaċt nó an dlí ḋó.
Airteagal 9.
Ní déanfar go forlaṁaċ aon duine a ġaḃáil a ċoinneáil ná a ċur ar deoraíoċt.
Airteagal 10.
Dlíonn an uile ḋuine, i gcoṁionannas iomlán lena ċéile, éisteaċt ċoṫrom ṗoiblí d’ḟáil ó ḃinse neaṁspleáċ neaṁċlaon ċun a ċearta agus a oblagáidí agus aon ċúiseaṁ coiriúil ina aġaiḋ a ċinneaḋ.
Airteagal 11.
Gaċ duine a cúiseofar i gcion inṗíonois is tuigṫe é a ḃeiṫ neaṁċiontaċ go dtí go gcruṫaítear ciontaċ é do réir dlí i dtrail ṗoiblí, ina mbeiḋ ar fáil aige gaċ cóir is gá lena ċosaint a ráṫú.
Ní daorfar duine ar biṫ in ngeall ar aon ġníoṁ ná neaṁġníoṁ naċ cion in-ṗíonóis a ḃí ann, tráṫ a ḋéanta, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí eadarnáisiúnta. Ná ní gearrfar píonós is troime ná mar dob in-ġearrṫa an tráṫ a rinneaḋ an cion.
Airteagal 12.
Ní déanfar cur isteaċ go forláṁaċ ar dunie ar biṫ maidir lena ṡaol príoḃáideaċ, a ṫeaġlaċ, a ionad cónaiṫe, ná a ċoṁfreagras ná ní déanfar ionsaí air i leiṫ a onóra ná a ċáile.
Airteagal 13.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun gluaiseaċt agus cónaí ina roġa áite laistiġ den Stát.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun imeaċt as aon tír, lena n-áirítear a ṫír féin, agus filleaḋ ar a ṫír féin.
Airteagal 14.
Le linn géarleanúna, tá ag gaċ uile ḋunie an ceart ċun tearmann a lorg agus a ḃeiṫ aige i dtíorṫa eile.
Ní féadfar feiḋm a ḃaint as an gceart seo i gcás inċúiseaṁ a leanas iarḃír as coirṫe neamṗolaiticiúla nó as gníoṁarṫa atá contrárṫa doċuspóirí agus do ḃuntreora na Náisiún Aontaiṫe.
Airteagal 15.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun náisiúntaċt d’aṫrú.
Ní déanfar go forlámaċ a náisiúntaċt a ḃanit d’aon duine, ná fós an ceart ċun a náisiúntaċt d’aṫrú.
Airteagal 16.
Ar aois in-nuaċair a ṡlánú ḋóiḃ tá ag fir agus mná, gan srian ar biṫ maidir le cine, náisiúntaċt ná creideaṁ, an ceart ċun pósaḋ agus teaġlaċ a ḃunú. Is ionann na cearta atá acu maidir leis an bpósaḋ, le linn an ṗóstas agus ar scaoileaḋ a ṗósta.
Ní déanfar pósaḋ gan saorṫoil iomlán na beirte atá le pósaḋ.
Is é an teaġlaċ is buíon-aonad príoṁa bunaiḋ don ċoṁḋaonnaċt do réir nádúra agus dlíonn an ċoṁḋaonnaċt agus an Stát é a ċaoṁnaḋ.
Airteagal 17.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun maoin a ṡealḃú , ina anoar agus i gcoṁar le daoine eile.
Ní féidir a ṁaoin a ḃaint go forláṁaċ de ḋuine ar biṫ.
Airteagal 18.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun saoirse maċnaiṁ, coinsiasa agus crediṁ; airítear sa sa ċeart sin an tsaoirse ċun a ċreideaṁ nó a ḋeiṁne d’aṫrú maraon leis an saoirse ċun a ċreideaṁ nó a ḋeiṁne d’ḟiolsiú, ina aonar nó a nó in éineaċt le daoine eile, go poiblí nó go príoḃáideaċ, tríd an teagasc, an cleaċtaḋ, an aḋraḋ agus na deas-ġnáṫa.
Airteagal 19.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceaqrt ċun saoirse tuairime agus ċun saoirse noċtuiṫe tuairime; áirítear sa ċeart sin saoirse ċun tuairimí a ḃeiṫ aige gan aon ḃac air, agus ċun eolas agus smaointe a lorg, a ġlacaḋ agus a leaṫaḋ trí ṁeáin ar biṫ, gan aird ar ċríoċ-ṫeoranta.
Airteagal 20.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart go mbeiḋ saoirse aige teaċt ar tionól agus gaḃáil le coṁlaċas go síṫeoilte Ní cead a ċun d’ḟiaċa ar ḋuine ar biṫ gaḃáil le haon ċoṁlaċas áiriṫe.
Airteagal 21.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun páirt a ġlacaḋ i gcúrsaí rialuiṫe a ṫíre, go díreaċ nó trí ionadaiṫe a toġtar go saorálaċ.
Tá coṁċeart ag gaċ uile ḋuine roċtain a ḃeiṫ aige ar an tseirḃís ṗoiblí in ṫír féin.
Is é toil an ṗobail is foras don údarás rialuiṫe; léireofar an toil sin de ṫoraḋ toġċán ionraic a déanfar ó aim go ham trí ḃótáil ċoṁċoiteann ċoṁionann agus trí tún-ḃallóid nó ar ṁoḋ dá ṡaṁail sin a ráṫaíos saoirse ḃótála.
Airteagal 22.
Tá ag gaċ uile ḋuine, mar ċoṁalta den ċoṁḋaonnaċt, an ceart ċun slándála sóisialaí; dlítear dó go ḃféadfaiḋ sé, de ṫoraḋ an tsaoṫair náisiúnta agus an ċoṁair eadarnáisiúnta agus do réir eagraíoċta agus acṁainne gaċ Stáit ar leiṫ, na cearta a ṡásaṁ, i gcúrsaí eacnamíoċta agus coṁḋaonnaċta agus cultúra, is dual dá ḋínit agus is riaċtanaċ do ṡaor-ḟorbairt a ṗearsantaċta.
Airteagal 23.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun oibre, ċun saoirse maidir le fostaíoċt a ṫoġaḋ, ċun coinníollaċa córa sásúla oibre agus ċun a ċosanta in aġaiḋ na díḟostaíoċta.
Tá ag gaċ uile ḋuine, gan aon idirḋealú, an ceart ċun na páiġe céanna le haġaiḋ na hoibre céanna.
Tá ag gaċ duine a ḋéanas obair an ceart ċun luaċ saoṫair ċóir ṡásúil a ḃéarfas go mbeiḋ aige féin, agus ag a ṫeaṫlaċ, cóir ṁaireaċtana mar is dír do ḋníit an duine, agus ina ṫeannta sin pé caoṁaint ṡóisialaċ eile is gá.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun ceardċumainn a ḃunú agus gaḃáil le ceardċumainn ċun a leasa a ċosaint.
Airteagal 24.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun sosa agus scíṫe, agus go háiriṫe ċun teora réasúnaċ lena uaireannta oibre agus ċun saoirse le páiġ d’ḟáil ó ṫráṫ go ċéile.
Airteagal 25.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun caġdeáin ṁaireaċtana is leor do ṡláinte agus do ṡoileas an duine féin agus a ṫeaġlaiġ, ar a náirítear bia, éadaċ, ionad cónaiṫe, freastal liaċta, agus na seirḃísí sóisialaċa is gá; tá ceart aige ċun slándála le linn díḟostaíoċta, breoiteaċta, éagumais, baintreaċais, sean-aoise nó aon easpa eile slí ṁaireaċtana in imṫosca naċ ḃfuil neart aige orṫu.
Dlítear aire agus cúnaṁ speisialta don ṁáṫair agus don leanḃ. Ḃéarfar an ċaoṁaint ṡóisialaċ ċéanna don uile leanḃ, pé acu faoi ċuing an ṗósta nó lasmuiġ ḋí a rugaḋ.
Airteagal 26.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun an oideaċais. Ḃéarfar an t-oideaċas in aisce, sna céimeanna tosaiġ agus bunaiḋ aċ go háiriṫe. Beiḋ an bun-oideaċas éigeantaċ. Cuirfear an t-oideaċas teicniúil agus gairmiúil ar fáil go coṁċoiteann; beiḋ combroċtain do réir fiúntais ag gaċ uile ḋuine ar an árd-oideaċas.
Beiḋ de ċuspóir ag an oideaċas pearsantaċt an duine d’ḟorbairt ina hiomláinte agus urraim a neartú do ċearta an duine agus do no saoirsí bunaiḋ. Coṫóiḋ sé an ċoṁṫuiscint, an caonḟulaing agus and caradas idir an náisiúin agus na ciní agus na haicmí creidiṁ uile, agus caḃróiḋ sé le bearta na Náisiún Aontuiṫe do ċaoṁnaḋ na síoċána.
Tá ag na tuismiṫeoirí, i dtosaċ ar ċáċ eile, an ceart ċun an cineál oideaċais a ṫoġaḋ a ḃéarfar dá leanaí.
Airteagal 27.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart ċun páirt a ġlaċaḋ gan cosc i saol cultúrṫa an ṗobail, áineas na n-ealaíon a ḃeiṫ aige agus páirtiú in ascnaṁ agus is soċair na heolaíoċta.
Tá ag gaċ uile ḋuine an ceart go gcosnófaí na leasa morálta agus aḃarṫa a leanas as aon tsaoṫar eolaíoċta, litríoċta nó ealaíon arb é is údar dó.
Airteagal 28.
Is dliġ do gaċ uile ḋuine go mbéaḋ eagras sóisialaċ agus e adarnáisiúnta i réim a ḃéarfaḋ go ḃféadfaí na cearta agus na saoirsí atá leagṫa amaċ sa Dearḃú seo a ċur i geríċ go hiomlán.
Airteagal 29.
Tá dualgais ar an uile ḋuine i leiṫ an ṗobail arb ann aṁáin is féidir a ṗearsantaċt d’ḟobairt go saor agus go hiomlán. Ag feiḋmiú a ċeart agus a ṡaorisí ḋó ní ḃeiḋ de ṡriantaċt ar ḋuine ar biṫ aċ pé sriantaċta a ḃéas ceapṫa do réir dlí d’aon toisc ċun aiṫeantas agus urraim mar is cuí d’áiriṫiú do ċearta agus saoirsí daoine eile agus ċun freagairt do riaċtanais ċóra na moráltaċta, an óird ṗoiblí agus soileasa na coitiantacnta i gcoṁḋaonnacnt daonḟlaṫaċ.
Ní cead i gcás ar biṫ na cearta ná na saoirsí seo d’ḟeiḋmiú contrárṫa do ċuspóirí agus do ḃuntreora na Náisiún Aontaiṫe.
Airtegal 30.
Ní cead aon ní sa Dearḃú seo a leiriú mar ní a ḃeir dón Stát grúpa nó duine ceart ar biṫ ċun páirt a ġlacaḋ in aon ġníoṁaċt ná aon ġníoṁ a ḋéanaṁ d’ḟonn aon ċeart nó saoirse dá luaitear anseo a ḋíṫiú.

UDHR | Country Index | Language Codes

Days Months Months2 Planets Continents Circles Mountains Oceans Seas Rivers
Languages International Organizations UDHR Elements Peace People Religion Sciences Wonders Zodiac
Alphabets: A-B C-E F-J K-L M-Q R-S T-Z IPA Numbers Fonts Impressum SITEMAP
Glossaries: Definitions Albanian | Greek | Armenian American | Polynesian Asian Balto-Slavic Basque | Caucasus Celtic
Constructed Dravidian Germanic Indic Iranian Mongolic | Tungusic Romance Semitic | African Turkic Uralic

Home | Werner Fröhlich | email: geonames@gmail.com | “What’s new